BRABHSÁIL
ionad daonra
Na Glasáin
ginideach: na nGlasán
ainm deimhnithe (Cad é seo?)
(Gaeilge)
Windy Arbour
(Béarla)

Ainmneacha eile

Windy Harbour
ainm stairiúil (Cad é seo?)
(Béarla)

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    Is léir ón fhianaise gur logainm measartha nua-aimseartha é Windy Arbour: is san 18ú haois a thagann sé i gcomharbacht ar an logainm béarlaithe ‘Glassons’. Tá ‘Glassons’ le díorthú ó Na Glasáin, de réir dealraimh; tá an t-aistriúchán ‘Greenland’ le fáil san fhianaise freisin, rud a thugann le tuiscint go raibh Na Glasáin ag tagairt do bhánta glasa nó a leithéid.

    Tá an chuma air gur fhorbair Windy Arbour ó ‘Windy Harbour’ “a sheltered place from the wind” mar atá an logainm seo fianaithe sa Bhéarla (cf. Coldharbour i gCill Chainnigh, Coolharbour i gCill Mhantáin agus i Loch Garman, srl.; tá Coldharbour coitianta mar ainm páirce i Sasana freisin). Ach, is díol spéise é go mbíodh an bhrí “a grass plot, lawn, garden” ag arbour sa Bhéarla, tráth, agus mar sin, ní féidir a chur as an áireamh gur aistriúchán de glasán é an mhír Arbour sa chás seo. (Conchubhar Ó Crualaoich)

  • English

    It is clear from the evidence compiled by the Placenames Branch that Windy Arbour is a relatively modern name, having replaced the anglicised placename ‘Glassons’ in the 18th century. ‘Glassons’ appears to be derived from Na Glasáin; the translation ‘Greenland’ is also found in the evidence, implying that Na Glasáin referred to green lea-fields or the like.

    Windy Arbour seems to be a development from ‘Windy Harbour’ (“a place sheltered from the wind”): harbour is attested in English-language placenames (cf. Coldharbour in Kilkenny, Coolharbour in Wicklow and Wexford, etc.; Coldharbour is also common in England as a fieldname). However, it is interesting to note that the word arbour once had the meaning “grass plot, lawn, garden” in English; it cannot be ruled out that arbour is a translation of Irish glasán in this case. (Conchubhar Ó Crualaoich, Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Lárphointe

53.2984, -6.24493domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Airíonna

POTá postoifig anseo nó bhí tráth

Taifid chartlainne

íomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilte

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm